tiarnan_top picture
home
contact
abhaile
space picture

ceolIsPiobSmall picture New album "Ceol is Píob" out in May 2008

Tiarnán and Stephanies new album "Ceol is Píob" will be out May 2008. Fourteen tracks of songs and tunes, accompanied by a select group of guest musicians. Find out more...


tiarnanBWsmall picture Fáilte romhat ag suíomh idirlíne an phíobaire, Tiarnán Ó Duinnchinn

Bhí Tiarnán mar bhall den ghrúpa “Dorsa” a eisigh “Ceol Caithréimnech na nGael” sa bhliain 1998. Eisíodh “Banks of Red Roses” mar EP sa bhliain 2002.

Bhí Tiarnán mar bhall de ghrúpa ceoil Mháire Ní Bhraonáin ar feadh an tréimhse 1997-2001 nuair a thaisteal an grúpa go forleathan ar fud an domhain. Thaifead Tiarnán dhá albaim ina cuideachta ceoil: “Whisper to the Wild Water” agus “Two Horizons”.

Bhí Tiarnán mar bhall de ghrúpa ceoil Aoife Ní Fhearraigh ó 1996-1999.

Chaith Tiarnán trí nó ceithre bhliain i gcuideachta ceoil Martin Quinn ag seinm ar fud na hEorpa agus i Meirceá, áit ar chaith siad treimhsí bhliantúla i John D. McGurk’s, St. Louis, Stáit Aontaithe Meirceá.

Tá Tiarnán ag taisteal lena chuid ceoil go rialta ó bhí 1995 ann. I measc na n-áiteanna a thug sé cuairt orthu tá : An Eoraip, Stáit Aontaithe Meirceá, Ceanada, An tSeapáin, An Nua-Shéalainn agus an Astráil.