Thosaigh Tiarnán ag seinm ar na piobaí nuair a bhi sé 9 mbliain d’aois. (Tá an tréimhse foghlama ar labhair Séamas Ennis fá dtaobh dó curtha de.)
Bhí Tiarnán ag freastal ar ranganna fideoga nuair a cuireadh isteach sa rang phíobaireachta é. (as siocair é ag amaidí nó é a bheith díomhaoin: ní fios. Ba chor ina chinnúint é, cibé!)
Thug Brian Vallely seit phíobai de chuid Robbie Hughes do Thiarnán.
I ndiaidh cúpla bliain a chaitheamh le Brian bhí Mark Donnelly, nach maireann, mar mhúinteoir ag Tiarnán sa chlub. Tá sé go mór fé chomaoin acu beirt as a gcuid ama, a gcuid ceoil, agus a gcuid gcarthanacht ceoil a roinnt air go fial.
Bhí Tiarnán mar bhall ar bhanna ceoil i nDún Dealgan ar feadh seal, darbh ainm Ceoltóirí Óga Oirghiall, grúpa a bhain cuid mhór ag na comórtaisí “Slógadh” ‘sna hochtóidí.
Tá Tiarnán ag taisteal lena chuid ceoil go rialta ó bhí 1995 ann. I measc na n-áiteanna a thug sé cuairt orthu tá : An Eoraip, Stáit Aontaithe Meirceá, Ceanada, An tSeapáin, An Afraic, An Nua-Shéalainn agus an Astráil.
Píobaí
Tá Tiarnán ag seinm seit iomlán de chuid Dave Williams, nach maireann, a fuair sé i 1997. Tá an seit déanta as cruach domheirgthe agus adhmad dubh na hAfraice.
Bíonn Tiarnán ag seinm feadóg de chuid Eamonn Ó Corráin atá déanta as boxwood atá 14 orlach ar fad.
Tá feadóg b maol aige fosta a rinne Brendan Ó hEithir.
