tiarnan_top picture
home
contact
reviews
space picture

Lá, Meitheamh 20ú 2008

le Proinsias O Donnghaile
"Ceol is Piob" CD úr de chuid Stephanie agus Tiarnán

Ar an Aoine 6 Meitheamh chruinnigh baicle, idir cheoltóirí, lucht leanta an cheoil agus Ghaeilgeoirí, le chéile i dTeach an Mhargaidh Co. Mhuineacháin faoi choinne sheoladh an albaim nua, "Ceol is Píob", leis an lánúin Stéphanie Makem agus Tiarnán Ó Duinnchinn.

Chuir an beirt acu oíche thaitneamhach ar fáil don lucht éisteachta i gcuideachta a gcairde, Steve Cooney agus Tommy Sands.

Is é atá san albam seo ná cnuasach de amhránaíocht agus de phíobaireacht ó chuige Uladh. Is fíor go dtugann an t-albam seo forlámhas do tréithe ársa, rúndiamhaire an Chúige seo, mar sin déantar ceiliúradh ar a mhiotas, a chuid cheoil, ar a theanga agus an seanchas.

Dar le Tiarnán go bhfuil ról ar leith ag gach duine i gcaomhnú ar n-oidhreachta, agus sin an meanma a bhí aige agus ag Stéphanie agus iad ag tabhairt faoin albam seo.

Tá Tiarnán Ó Duinnchinn ar cheann dena cheoltóirí is cumasaí sa tír agus cluintear a stíl speisialta píobaireachta féin sa réimse leathan tiúineanna atá aige san albam. Tá an ceol sa smior ag Stéphanie Makem agus thógfadh sé do chroí ach seal a chaitheamh ag éisteacht léi ag rá "ÚrChnoc Chéin Mhic Cáinte" lena guth suaithní, atá aici ó thaobh na dtaobhann. Bhí macalla Sheaghán Bhán Mhic Grianna le cloisteáil chomh maith i dTeach an Mhargaidh agus an t-amhrán "Líontar dúinn an Crúiscín" á seinm ón albam.

Choinnigh a raibh i láthair ag an seoladh cuimhne ar fhealsúnacht Mhic Grianna agus bhí bia agus fíon ann chomh fairsing le móin!

In ómós do Tommy Makem a cuireadh an dlúthdhiosca seo le chéile agus ag an seoladh rinne Tommy Sands tagairt air san amhrán breá nua chumtha atá aige ina chuimhne. Scoth an oíche a bhí ag gach duine ag an seoladh agus fuarthas uilig cóip den albam fhionnuar, nua aimseartha seo agus nach muid a bhí chomh sásta le píobaire! Don té a bhfuil spéis aige in amhránaíocht agus i bpíobaireacht níl a shárú le fáil. Mar atá scríofa ag Tommy Peoples"Is Glórmhar an ceol seo". Tá an dlúthdhiosca ar fáil anois ó www.tiarnan.ie agus Claddagh Records, Baile Atha Cliath, Powells i nGaillimh, An siopa Ceoil sa Daigean agus An Culturlann i mBeal Feirste.